Mudcat Café Message Lyrics & Knowledge Personal Pages Record Shop Auction Links Radio & Media Kids Membership Help
The Mudcat Cafeawe



User Name Thread Name Subject Posted
AmyLove beauty deas an oileain (10) RE: beauty deas an oileain 01 Feb 17


The lyrics (found here ) to the song:

Ar chuala sibh cuntas ar Bheauty deas an Oileáin?
Do tháinig sí chugainn go cumtha ó Bhaile an Chaisleáin,
Do tharraing sí clú le criú maith fear ar an dtráigh,
Is do bheirim na comha gur le siúl a thógann sí an rás.

Do bheirimse clú do Bheauty deas an Oileáin,
Do thairrig sí siúd an duais is mithid a fháil
Mar níl sé sa domhan i bpower a molta níos fearr,
Mar níor cuireadh a rogha ar an bpoll ó deineadh an Áirc.

Is d'fhágadar fúmsa an Beauty a chur ins an ghréin,
Is cuirfidh mé in iúl don ndúthaigh go ndéanfaidh mé é,
Mar do dhúblódh sí siúl le colúr a scinnfeadh ó philéar,
Is mar bharr ar a ndúrt a criú go dtuga sí saor.

Do tháinig na brútaigh chugainn in aistear thar Mám,
Do bhíodar ag treabhadh nó gur thógadar fear ins gach áit,
Nuair a scaoileadh sa tsiúl iad i gcúrsaí fada na trá,
Do bhíodar tráthnóna chomh tuirseach is a bheadh marbh ar chlár.

Is tar éis a bhfuil ráite, níl sásamh ar m'aigne fós,
Nó go gcroithfidh siad lámh liom á rá gur sin achainí a gheobhad,
Nuair a thiocfaidh an bás is gan cairde agamsa níos mó,
Go dtabharfar mo chnámha thar sáile marbh nó beo.


Post to this Thread -

Back to the Main Forum Page

By clicking on the User Name, you will requery the forum for that user. You will see everything that he or she has posted with that Mudcat name.

By clicking on the Thread Name, you will be sent to the Forum on that thread as if you selected it from the main Mudcat Forum page.

By clicking on the Subject, you will also go to the thread as if you selected it from the original Forum page, but also go directly to that particular message.

By clicking on the Date (Posted), you will dig out every message posted that day.

Try it all, you will see.